(01) 624 4324

Nuacht / Blog

Liosta Feithimh Do Chúrsa B/Waiting List

September 16th, 2016 | admincc | Tags:

Tá aiféala an domhain orainn nár éirigh linn freastal ar an éileamh ar Chúrsa B inniu.  Thugamar tús áite d’iarscoláirí le seachtain anuas agus thapaigh siad an deis.  Cuireadh an méid spásanna a bhí fágtha ar an suíomh idirlín ag 9.00 ar maidin agus b’éigean dúinn an nasc a dhúnadh ag 9.10 toisc go raibh na spásanna líonta. Ní heol dúinn aon bhealach níos cothroime chun spásanna a dháileadh.  Is fiú mar sin féin clárú do liosta feithimh trí ríomhphost a sheoladh chuig cuic@eircom.net agus na focail “Liosta Feithimh B 2017” a bheith mar ábhar.  Táimid thar a bheith buíoch de gach duine a léirigh agus a léiríonn spéis i gColáiste Uí Chadhain.  Tá spásanna ar Chúrsaí A agus C fós.

We sincerely regret that we were not able to meet the demands for Cúrsa B today.  We gave past pupils a priority by allowing them to book over the last week and  alot of them took the oppurtunity.  We put the remaining places on the website this morning at 9.00am but had to remove the link at 9.10am because the places were filled up.  We are distributing places in the fairest manner that we can.  It is still worth emailing us at cuic@eircom.net to put a student’s name on the waiting list with the words “Waiting List B 2017” in the subject line.  We are very grateful to everyone who has expressed an interest in Coláiste Uí Chadhain.  There are still spaces on Cúrsa A and C.