(087) 2477887

Nuacht / Blog

Folúntais do Chúntóirí 2024! Tagaigí ag obair linn…

January 13th, 2024 | admincc | Tags:

Beimid ag earcú Cúntóirí a bheidh ag teastáil uainn do chúrsaí an tsamhraidh gan mhoill.

Má tá spéis ag daoine sna folúntais seo ba cheart dóibh clárú linn tríd an gcnaipe a bhfuil dath oráiste air ar an leathanach baile de shuíomh idirlín an choláiste a chliceáil agus “Post Cúntóireachta. Samhradh 2024” (Cód: PC24) a roghnú. Ligfidh sé seo do dhaoine a gcuid sonraí a chlárú linn.

Is próiseas clárúcháin (Léiriú spéise) é seo agus beimid i dteagmháil leis na hiarrthóirí níos déanaí san earrach ag insint dóibh cé acu an bhfuil post againn dóibh nó nach bhfuil.

Fáiltímid roimh iarratais ach tá líon na bhfolúntas teoranta.